No open-access location is known for this record yet.
No open-access location is known for this record yet.
TA OILEAN CHEAP BREATAINN suite sa chuinne thoir thuaidh de chuige na hAlban Nua, in oirthear Cheanada. Oilean ata ann, ach ta 3 km de thochar thar chaolas Canso a cheangal leis an gcuid eile den chuige agus le mor-roinn Mheiricea Thuaidh. Ta se tuairim is 175 km ar fad agus 120 km ar leithead, agus ta 10,311 km 2 sa duiche seo ina raibh conai ar 156,490 duine i 1996 (Statistics Canada 2001) .i. ta Oilean Cheap Breatainn ar coimheid go garbh le contaetha Mhaigh Eo agus na Gaillimhe le cheile ach gan ach leath a ndaonra siud ann. Is e Sydney priomhbhaile an oileain, agus ta breis agus leath an phobail ina gconai ansin no sna bailte morthimpeall ar chosta an Atlantaigh, mar a mbiodh mianaigh agus neart tionsclaiochta go dti lar an 20u haois. Ta an chuid eile den daonra scaipthe i mbailte beaga agus i mbailte fearainn sna ceithre chontae ata san Oilean: Cape Breton County, ina bhfuil baile Sydney; Richmond County taobh thiar agus theas de; Inverness County ar chosta an iarthair; agus Victoria County a shineann o Bha San Labhras o dheas ar ais go dti ceantar Sydney. Tagann teorainneacha na gcontaetha le cheile i Lochanna Bras d’Or, loch mor agus sraith de chuisli uisce ata i lar an oileain agus a chludaionn 932 km 2 , beagnach dha uair go leith nios mo na Loch nEathach. De bharr a ainm, samhlaitear baint laidir sheanbhunaithe a bheith idir Nova Scotia agus muintir na hAlban on gcead teagmhail idir an duiche agus na hEorpaigh i leith, ach leis an fhirinne a dheanamh, is beag Gael de chuid na hAlban a chuir faoi sa chuige roimh dheireadh an 18u haois, agus go deimhin, is le linn an 19u haois a lonnaigh a bhformhor ann. Ina choinne sin, teann freamhacha phobal bunduchasach na hAlban Nua siar cuig mhile bliain ar a laghad, ce go maionn siad fein ceangal leis an gcead phobal a bhfuil cruthu seandalaiochta ann doibh, 11,000 bliain o shin (Davis 1997). Ni feidir a ra go beacht cen uair a thainig a bhfeinaitheantas mar ghrupa faoi
Loading…
Stored only when both papers are in the corpus — 3 citations exist upstream.
Papers that cite the same references — the relational fallback while embeddings are still backfilling.
Imported from OpenAlex (CC0) — nothing here is generated.